To mark Seachtain na Gaeilge, an annual international festival promoting the Irish language and culture, Dundalk midfielder Robbie Benson spoke to DFC Magazine’s Tom O’Connor and Extratime.com’s Dónal Ryan and Aoife Ní Mhaoláin about life as a League of Ireland player. You can listen to the interview below, and also read the article, as Gaeilge!



Is eol don lucht leanúna Sraith na hÉireann scéal Robbie Benson – duine de na himreoirí is fearr sa sraith le roinnt bliana anuas.

Taobh amuigh den spórt, is achtúire é. Bhain sé céim Máistreacht amach i mata achtúireach ó Ollscoil Áth Cliath (i ndiaidh dó céim a bhaint amach i Mata agus Eolaíocht). D’imir sé le foireann na hollscoile agus d’aistrigh sé go Dún Dealgan i 2016. Chaith sé ceithre bliana anseo sula ndeachaigh sé le St Patrick’s Athletic agus d’fhill sé ar Pháirc Oiriall anuraidh.

Chomh maith leis an inniúlacht sa Mata atá aige, labhraíonn sé Gaeilge do chaighdeán ard. Le déanaí, chun Seachtain na Gaeilge a chéiliúradh, rinne an t-imreoir agallamh le Dundalk FC ag caint faoin a ghairm peile go dtí seo – buaicphointí, tionchar a bhí ag bainisteoirí ar a fhorbairt, ag déileáil le gorthuithe agus a suim i sacar taobh amuigh den pháirc imeartha.

Rugadh agus tógadh Benson i mBaile Átha Luain, Contae an hIarmhí. D’fhreastal sé ar mheánscoil Marist College agus is léir ón méid a bhí le rá aige go raibh béim ar chursaí spórt sa scoil sin. Ní hé an t-aon Robbie amháin a thuill clú agus cáil – is iarscoláire é Robbie Benson an t-imreoir rugbaí chomh maith!

Cosúil le Henshaw, bhain Benson triail as spóirt éagsúla agus é ina pháiste óg – peil, sacair, cispheil agus rugbaí ina measc. Cuirtear ceist air maidir leis an réasúnú ba bhonn leis an gcinneadh a bhí á dhéanamh aige díriú ar chúrsaí sacair, agus léirigh sé an tionchar a bhí ag a theaghlach, go háirithe a athair.

Spéisiúil go leor, agus muidne ag déanamh an t-agallamh seo ar an oíche roimh an dearbhaí Lú i bPáirc Weaver’s ar an 16ú Márta, deir Robbie go raibh sé ag féachaint ar an gcluiche Sraith na Seaimpíní idir Learpholl agus Real Madrid. Luaigh sé gur duine de lucht leanúna Learpholl é a dhearthair, ach tacaíonn Robbie le Arsenal – iad ag barr na sraithe i Sasana faoi láthair. Is mór an trua é mar sin nach raibh Robbie ag imirt le Dún Dealgan nuair a chas siad ar ‘The Gunners’ i 2020.

Áfach, cé nach raibh sé páirteach den fheachtas sin, tá go leor cuimhní geala aige ón bhfeachtas 2016. Ba chuid lárnach den ghrúpa é le linn an ama sin, le cúpla cúl cinniúnach faighte aige. Chuimhnigh sé an chúl a bhí á scórail aige in aghaidh BATE Borisov i dTamhlacht agus an ceann iontach a bhí aimsithe aige in aghaidh Legia Warsaw. Dar leis, is iadsan na cuimhní is fearr aige ina ghairm go dtí seo, agus tá sé ag súil go mór leis an turas atá i ndán dó leis na Lilywhites i mbliana sa Europa Conference League.

Agus Benson ag caint faoin a chuid taithí in Eoraip, déanann sé tagairt do Stephen Kenny a bhí i gceannas Dún Dealgan le linn na tréimhse rathúil sin. Tá Robbie fíorbhuíoch as an deis a fhuair sé ó Kenny agus an tacaíocht a thug sé do.

Anois, agus é ag imirt le Dún Dealgan don dara huair, is é Stephen O’Donnell (a bhí mar chaptaen na foirne nuair a bhí Stephen Kenny i gceannas) an duine atá i mbun bainistíocht. Ag caint futhú, dúirt Benson go raibh an t-ádh air bheith ag imirt faoin bheirt agus labhair sé faoin méid a bhí fhoghlamtha aige. Maidir le O’Donnell, dar le Benson, bionn sé ag lorg caighdeán ard gach lá – díreach mar a bhí sé nuair a bhí sé ag imirt.

“Fuair sé oideachais ó Stephen Kenny, gan amhras, ach ag an am céanna, tá stíl dá chuid féin aige. Tá grúpa nua againn i nDun Dealgan i mbliana, agus táimid ag teacht i dtaithí le chéile agus ag foghlaim an bealach ina bhfuil sé (Stephen O’Donnell) ag iarradh imirt. Ar leibhéal pearsanta, cuireann sé (O’Donnell) brú orm mar aithníonn sé na rudaí atá mé in ann a dhéanamh nios fearr.”

Ag déanamh tagairt do pheileadóirí óga a chuaigh isteach sa scuad, tugann Robbie faoi deara an ról atá aige – agus baill eile den fhoireann atá níos sinsearaí – dea-shampla treoir a thabhairt dóibh.

“Tá sé an-tábhachtach, agus mé ag éirí níos sine, bheith cosúil le captaen, cé nach bhfuil mé mar chaptaen na foirne. Faoi láthair tá grúpa againn atá cuid mhaith taithí againn sa sraith agus san Eoraip. Mar shampla, tá mé féin, John Mountney, Keith Ward, Pat Hoban ar comhaois agus ba cheart dúinn comhairle a thabhairt don fhoireann go léir. Tháinig daoine nua ó Sasana agus bhí orainn ceachtanna a thabhairt dúinn faoin sraith anseo in Éirinn.”

Chríochnaíomar an t-agallamh ag lorg píosa comhairle ó Robbie do pheileadóirí óga a bhfuil mian acu gairm a bhaint amach i gcúrsaí sacair. Molann Robbie dóibh ‘gach rud a chur isteach air’.

Dar leis, “is éasca an rud é bheith neirbhíseach’ ach admhaíonn sé ‘tá an t-ádh againn (imreoirí Dún Dealgan) bheith inár bpeileadóiri mar ghairm. Thosaigh muid ag imirt mar gheall ar an grá a bhí againn don spórt agus tá orainn é seo a choimead inár gcuimhní’”

Píosa comhairle breise a thugann sé do pháistí agus daoine óga ag súil le todhchaí i saol profisiúnta ná, go simpí, “bain taitneamh as!”