Pátrúin ar an bPáirc: Na Pádraig i Stair Dhún Dealgan
- Colm Murphy
- 2 hours ago
- 3 min read

Agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, bíonn an tír ar fad ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúir. I nDún Dealgan, áfach, tá cúis eile againn le ceiliúradh freisin – stair shaibhir pheile an chlub. Agus muid ag breathnú siar ar na blianta atá caite, tagann ainm amháin chun cinn arís agus arís eile i ngeansaí dubh agus bán an chlub: Pádraig, nó Patrick.

Sa ré nua-aimseartha, seasann ainm amháin amach thar aon cheann eile - Patrick Hoban. Tá a ainm greanta go buan i stair Dhún Dealgan. Bhí ról lárnach aige i mbua na sraithe in 2014, nuair a scóráil sé 20 cúl agus chuir deireadh le fanacht 19 mbliana ar an teideal. Nuair a d’fhill sé ar Pháirc Oirialla in 2018, bhí sé cinniúnach arís agus an fhoireann ag baint amach an dúbailte - an tsraith agus Corn an FAI. Bhí Hoban mar chuid freisin den fhoireann a shroich céim ghrúpa Shraith Europa UEFA in 2020. Ansin, in 2023, rinne sé stair nuair a tháinig sé chun bheith ina phríomhscórálaí riamh ag an gclub - éacht a dhaingnigh a áit i measc laochra móra Dhún Dealgan.

Bhí Patrick McEleney ar dhuine eile de na himreoirí ba thábhachtaí i ré rathúil an chlub sna 2010idí. Mar imreoir lár páirce ionsaitheach, bhí cáil air as a scil, a chruthaitheacht agus a chumas deiseanna a chruthú as beagán. Bhí ról mór aige sa dúbailte in 2018 agus bhí sé lárnach freisin in oícheanta móra Eorpacha an chlub, lena n-áirítear an dul chun cinn go céim ghrúpa Shraith Europa UEFA in 2020. Leis an stíl imeartha galánta a bhí aige, d’fhág McEleney lorg láidir ar an gclub agus ar lucht leanúna Dhún Dealgan.

Is fiú Paddy Barrett a lua chomh maith - cosantóir láidir agus ceannaire nádúrtha. Bhí sé ina bhall tábhachtach den fhoireann le linn tréimhse rathúil eile don chlub. Bhí cáil air as a dhiongbháilteacht, a dhíograis agus a spiorad troda. I gcluichí móra na sraithe agus na hEorpa, ba mhinic Barrett ar thús cadhnaíochta – ag cosaint gan staonadh agus ag tabhairt sampla dá chomhimreoirí.
Ag breathnú siar níos faide, tagann Paddy Dunning chun cinn mar dhuine de na himreoirí Éireannacha ba mhó a bhain cáil amach dá ghlúin. Ba chaptaen é ar fhoireann UCD a bhuaigh Corn an FAI in 1984 agus ghnóthaigh sé dhá chaipín d’Éirinn agus é fós an-óg. D’imir sé i gcoinne na hIodáile i bhFlórans os comhair slua mór, agus ina dhiaidh sin i gcoinne na Sualainne. Léirigh a chuid feidhmíochta scil agus misneach ar an leibhéal idirnáisiúnta. D’imir sé freisin don fhoireann ionadaíoch de chuid Shraith na hÉireann i gcoinne foirne idirnáisiúnta sa Bhrasaíl agus san Airgintín - rud a thug aitheantas don tsraith ag an am.

Níos faide siar arís, tá Paddy Gavin ar cheann de na pearsana is suimiúla i stair spóirt Dhún Dealgan. Bhí sé ina imreoir ilchumasach a rinne ionadaíocht ar Dhún Dealgan FC agus ar fhoireann peile Gaelaí Chontae Lú, agus a d’imir sacair ghairmiúil le Doncaster Rovers sna 1940idí agus 1950idí. Bhí sé ar dhuine de na lúthchleasaithe sin a d’éirigh go hard i níos mó ná spórt amháin – rud a bhí annamh fiú ag an am. Léirigh Gavin tiomantas agus scil ar gach páirc ar imir sé uirthi, agus d’fhág sé lorg buan ar stair spóirt an cheantair.
Ó ghlúin go glúin, feictear ainm an Phádraig arís i stair Dhún Dealgan - imreoirí a thug tallann, díograis agus croí don gheansaí dubh agus bán. Agus muid ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúir le linn Sheachtain na Gaeilge, is tráth maith é cuimhneamh ar na himreoirí sin a d’fhág a lorg ar pháirc na himeartha agus i gcroíthe lucht leanúna an chlub.
Lá Fhéile Pádraig sona daoibh – agus, mar is gnáth, Dún Dealgan abú! 🍀
Aoife Ní Mhaoláin
.png)



